Cultúr

An Gaeilge

Is é Gaoth Dobhair croílár Ghaeltacht Thír Chonaill, ceann de phríomhcheantair Ghaeltachta na tíre agus tá tionchar mór ag an teanga ar an cheantar. Is amhlaidh go bhfuil an teanga agus an cultúr fite fuaite lena chéile agus tá oidhreacht láidir sa cheantar ó Aisteoirí Ghaoth Dobhair go dtí na ceoltóirí mór le rá a tháinig amach as an pharóiste.

Ceol

An bhfuil paróiste eile sa tír (nó sa domhan) as a dtáinig amhránaithe chomh binn agus chomh cumasach? Tá rath agus bláth ar an cheol i measc aos óg na paróiste, go háirithe i Scoil Cheoil na Crannóige. Tá an Crann Óg ag dul ó neart go neart. Ba faoi stiúir agus faoi ghríosú Scoil Cheoil na Crannóige a tháinig leithéidí Cathal Ó Curráin, Megan Nic Fhionnghaile agus Emma Ní Fhíoruisce.